Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Union

Dearbhú Schuman, Mí na Bealtaine 1950

Ba é Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, a thíolaic Dearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950. Mhol sé go gcruthófaí Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, ina gcomhthiomsódh a mbaill táirgeadh an ghuail agus na cruach.

Bhí CEGC (arb iad an Fhrainc, an Ghearmáin Thiar, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg agus Lucsamburg na comhaltaí bunaidh) ar an gcéad cheann de shraith institiúidí Eorpacha fornáisiúnta as a n-eascródh ‘an tAontas Eorpach’ mar atá inniu ann.

Comhthéacs staire

In 1950 bhí náisiúin na hEorpa fós ag streachailt chun an léirscrios ón Dara Cogadh Domhanda a shárú, rud ar tháinig deireadh leis 5 bliana roimhe sin.

Agus rún daingean acu a leithéid de chogadh uafásach a chosc feasta, thuig rialtais na hEorpa go mbeadh aon chogadh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin (ar chéilí comhraic iad go stairiúil), i bhfocail an Dearbhaithe féin, ‘doshamhlaithe agus dodhéanta ó thaobh ábhair de’, ach táirgeadh an ghuail agus na cruach a chomhthiomsú.

Measadh – agus go ceart – go n-ardófaí caighdeáin mhaireachtála dá gcumascfaí leasanna eacnamaíocha, agus gurbh é sin an chéad chéim i dtreo Eoraip aontaithe. Bhí ballraíocht in CEGC ar oscailt do thíortha eile.

Féach leat scéal Dhearbhú Schuman

Na sleachta is tábhachtaí

  • ‘Ní féidir an tsíocháin dhomhanda a chosaint gan iarrachtaí cruthaitheacha a dhéanamh atá comhréireach leis na contúirtí atá ag bagairt uirthi.’
  • ‘Ní d’aon iarracht amháin a thógfar an Eoraip, ná de réir aon phlean amháin. Is trí thorthaí nithiúla a bhaint amach, rud as a dtiocfaidh dlúthpháirtíocht de facto, a thógfar í.’
  • ‘Le comhthiomsú na táirgeachta guail agus cruach... athrófar cinniúint na réigiún sin a bhí tiomanta le fada do mhonarú muinisean cogaidh, arb iad na réigiúin sin is mó a bhí thíos leo.’

Téacs iomlán

‘Ní féidir an tsíocháin dhomhanda a chosaint gan iarrachtaí cruthaitheacha a dhéanamh atá comhréireach leis na contúirtí atá ag bagairt uirthi.

Níl aon dul thar an méid atá ar chumas na hEorpa, ach í a bheith eagraithe agus beo, a thabhairt do chaomhnú an chaidrimh shíochánta. Is í seirbhís na síochána is bunaidhm don Fhrainc i gcónaí agus í ag iarraidh a bheith ar thús cadhnaíochta, le fiche bliain anuas, sna hiarrachtaí chun an Eoraip a aontú. Ní Eoraip aontaithe a baineadh amach, ach cogadh.

Ní d’aon iarracht amháin a thógfar an Eoraip, ná de réir aon phlean amháin. Is trí thorthaí nithiúla a bhaint amach, rud as a dtiocfaidh dlúthpháirtíocht de facto, a thógfar í. Chun náisiúin na hEorpa a thabhairt le chéile, ní mór deireadh a chur leis an tseanchoimhlint idir an Fhrainc agus an Ghearmáin. Aon bheart a dhéanfar, is leis an dá thír sin nach mór baint a bheith aige ar an gcéad dul síos.

I bhfianaise an chuspóra sin, molann Rialtas na Fraince go ndéanfaí beart láithreach ar phointe amháin, ar pointe teoranta ach cinntitheach é.

Molann sé go gcuirfí táirgeadh Franc-Ghearmánach an ghuail agus na cruach ar fad faoi Ard-Údarás comhchoiteann, laistigh de chreat eagraíochta a bheidh ar oscailt do rannpháirtiú na dtíortha Eorpacha eile. Ba cheart foráil a bheith i gcomhthiomsú tháirgeadh an ghuail agus na cruach chun bunúis chomhchoiteanna don fhorbairt eacnamaíoch a bhunú láithreach, mar an chéad chéim i dtreo chónaidhm na hEorpa. Athrófar cinniúint na réigiún sin a bhí tiomanta le fada do mhonarú muinisean cogaidh, arb iad na réigiúin sin is mó a bhí thíos leo.

Leis an dlúthpháirtíocht táirgthe a bhunófaí ar an mbealach sin, ní amháin go mbeidh aon chogadh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin doshamhlaithe, ach beidh sé dodhéanta ó thaobh ábhair de. Le bunú an aonaid chumhachtaigh tháirgiúil sin, rud a bheidh oscailte do gach tír a bheidh toilteanach páirt a ghlacadh ann agus a mbeidh ceangal air, ar deireadh, bunghnéithe an táirgthe thionsclaíoch a chur ar fáil do na ballstáit uile ar na téarmaí céanna, leagfar síos dúshraith cheart dá n-aontú eacnamaíoch.

Cuirfear an táirgeadh sin ar fáil don domhan ina iomláine gan idirdhealú ná eisceacht, d’fhonn cur le hardú na gcaighdeán maireachtála agus éachtaí síochána a chur chun cinn. Le hacmhainní méadaithe, féadfaidh an Eoraip díriú ar cheann dá príomhchúraimí a shaothrú, mar atá mór-roinn na hAfraice a fhorbairt. Ar an dóigh sin, fíorófar go simplí agus go tapa an cumasc leasanna sin is gá chun córas comhchoiteann eacnamaíoch a bhunú; agus go spreaga sé fás comhphobail níos leithne agus níos doimhne idir thíortha a bhí in adharca a chéile go fuilteach le fada an lá.

Tríd an mbuntáirgeadh a chomhthiomsú agus trí Ard-Údarás nua a bhunú, a gceanglóidh a chinntí an Fhrainc, an Ghearmáin agus na ballstáit eile le chéile, is é an toradh a bheidh ar an togra seo an chéad dúshraith nithiúil de chónaidhm na Eorpa a bhaint amach, rud nach féidir déanamh dá huireasa chun an tsíocháin a chaomhnú.

Chun baint amach na gcuspóirí a sainíodh a chur chun cinn, tá Rialtas na Fraince ullamh tús a chur le caibidlíocht ar na boinn seo a leanas:

Is é is cúram don Ard-Údarás comhchoiteann sin nuachóiriú an táirgthe agus feabhsú a cháilíochta a bhaint amach a luaithe is féidir; gual agus cruach a sholáthar ar théarmaí comhionanna do mhargaí na Fraince agus na Gearmáine, agus do mhargaí na mballstát eile; forbairt chomhchoiteann na n-easpórtálacha chuig tíortha eile; cothromú agus feabhsú dhálaí maireachtála na n-oibrithe sna tionscail sin.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ag tosú ó na dálaí an-éagsúla ina bhfuil táirgeadh na mballstát faoi láthair, moltar roinnt bearta idirthréimhseacha thionscnamh, mar atá plean táirgthe agus infheistíochta a chur i bhfeidhm, sásra cúitimh a bhunú d’fhonn praghsanna a ionannú, agus ciste um athstruchtúrú a chruthú chun cuíchóiriú an táirgthe a éascú. Scaoilfear láithreach gluaiseacht an ghuail agus na cruach ó gach dleacht chustaim idir bhallstáit, agus ní dhéanfaidh rátaí éagsúla iompair difear dóibh. Cruthófar de réir a chéile coinníollacha a fhorálfaidh astu féin do dháileadh táirgthe níos réasúnta ar an leibhéal táirgiúlachta is airde.

I gcodarsnacht le cairtéil idirnáisiúnta, a mbíonn claonadh acu cleachtais sriantacha a fhorchur ar an dáileadh agus ar shaothrú na margaí náisiúnta, agus chun brabúis arda a choinneáil, cinnteoidh an eagraíocht cumasc na margaí agus méadú an táirgthe.

Is iad na bunphrionsabail agus na gealltanais a sainíodh thuas is ábhar do chonradh a shíneoidh na Stáit agus a chuirfear faoi bhráid a bparlaimintí lena dhaingniú. Is le cabhair eadránaí, a cheapfar de thoil a chéile, a thabharfar faoin gcaibidlíocht is gá chun sonraí na bhfeidhmeanna a shocrú. Is ar an eadránaí a chuirfear de chúram a chinntiú gur de réir na bprionsabal a leagadh síos a bheidh na comhaontuithe ar a dtiocfar, agus, i gcás sáinne, is é a chinnfidh cén réiteach a ghlacfar.

Daoine neamhspleácha arna n-ainmniú ag na rialtais, agus ionadaíocht chomhionann ann, a bheidh san Ard-Údarás comhchoiteann, ar a mbeidh sé de chúram an scéim a bhainistiú. Roghnófar cathaoirleach de chomhthoil na rialtas. Beidh cinntí an Údaráis inchurtha i bhfeidhm sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus sna ballstáit eile. Beidh bearta iomchuí ann le haghaidh modhanna achomhairc i gcoinne chinntí an Údaráis.

Creidiúnófar ionadaí ó na Náisiúin Aontaithe don Údarás, agus ordófar dó tuarascáil phoiblí a dhéanamh do na Náisiúin Aontaithe dhá uair sa bhliain, ina dtabharfaidh sé cuntas ar oibriú na heagraíochta nuaí, go háirithe sa mhéid a bhaineann le cosaint a cuspóirí.

Beidh bunú an Ard-Údaráis go hiomlán gan dochar do mhodhanna úinéireachta gnóthas. Agus a fheidhmeanna á chomhlíonadh aige, cuirfidh an tArd-Údarás san áireamh na cumhachtaí a bronnadh ar Údarás Idirnáisiúnta an Ruhr agus gach sórt oibleagáidí a leagadh ar an nGearmáin, chomh fada agus a bheidh siad i bhfeidhm.

Tuilleadh eolais